Page Loader

Is mise Gráinne. Is láithreoir spóirt agus siamsaíochta mé chomh maith le bean tí d’imeachtaí corparáideacha. Le 15 bliana agus tuilleadh, tá mé ag obair mar láithreoir le TG4, RTÉ agus leis an BBC, chomh maith le bheith i mo phríomhláithreoir ar GAAGO, seirbhís srutha bheo an CLG don chraobhchomórtas. Tá clúdach chraobhchomórtas CLG Sky Sports curtha i láthair agam. Ba rannpháirtí mé ar an Sunday Game agus ar chuid mhór clár raidió. Mar bhean tí agus mar óstach imeachtaí, d’oibrigh mé le AIB, Allianz, Bord Gáis Energy, Cónaidhm Spóirt na hÉireann, CLG, Medtronic, Notre Dame, Cumann Parailimpeach na hÉireann, Pittsburgh Steelers, Cluichí Oilimpeacha Speisialta, Ollscoil na Gaillimhe agus cuid mhór eile.

Is aoibhinn liom cultúr na hÉireann. Is cainteoir bródúil Gaeilge mé agus tá CLG, sacar, rugbaí, cispheil, badmantan agus lúthchleasaíocht go léir clúdaithe i nGaeilge agam. Le gairid, chuaigh mé i dtreo sraitheanna teilifíse faoi stair spóirt na hÉireann a chur i láthair. In 2020, ba mhór an onóir dom é a bheith i m’Ambasadóir ar fheachtas Sheachtain na Gaeilge le Energia.

Tá dúil chráite agam fosta i gceol traidisiúnta na hÉireann. In 2018, chuir mé Gradam Ceoil TG4, Oscars cheol traidisiúnta na hÉireann, i láthair as Béal Feirste. Tá boinn uile-Éireann bainte agam ag an Fhleadh Ceoil. Níorbh eol dom ag an am é, ach tharla sa deireadh gur tús iontach sin i dtaca le saol mar láithreoir ó aois óg, mar d’fhoghlaim mé leis an bhrú a ghabhann le bheith ar an ardán roimh shluaite móra a láimhseáil.

Ní gnáthchosán ar bith a shiúil mé a fhad le mo ghairm reatha. Frása a d’fhan liom é “léim agus nochtfaidh an eangach”, agus cuireann sin síos i mbeagán focal ar mo chur chuige sa tsaol. Is sa mhúinteoireacht a bhí an chéad phost agam; de sheans, chonaic mé fógra do thaighdeoir spóirt ar Foinse, an nuachtán Gaeilge. Chuir mé isteach ar an phost an oíche sin, bhog mé go Port Láirge go gairid ina dhiaidh sin agus chuir mé tús le gairm iomlán úr. Ach sheas mo thaithí sa tseomra ranga liom, rud a d’fhág an mhuinín agam a bheith ag labhairt le grúpaí.

Fágann an éagsúlacht seo i mo chúlra go bhfuil mé ar mo shuaimhneas ar an ardán nó os comhair an cheamara—is sona mé agus mé iomlán ullmhaithe ach réidh chomh maith d’athruithe ag an bhomaite dheireanach, rud a tharlaíonn go minic sa teilifís bheo!

Is as Muineachán ó dhúchas mé, agus is é sin an baile agam go fóill. I ndiaidh dornán de bhlianta lonnaithe i mBaile Átha Cliath don obair, tá mé i mo chónaí ar na saolta seo i nGaeltacht Chonamara le m’fhear céile agus triúr clainne.

Turas iontach a bhí ann go dtí seo, agus sult ar dóigh bainte agam as gach bomaite.

Ildánaí Inniúil

Craoltóir teilifíse spóirt is siamsaíochta agus bean tí imeachtaí ilfheidhmeach, in ann lucht féachana a mhealladh agus ócáid a fhágáil go daingean ina gcuimhne.

Read More

Láithreoir

Le breis agus 15 bliain, tá de mhuinín ag craoltóirí ar nós SKY, RTÉ, BBC agus TG4 asam cláir spóirt agus shiamsaíochta a chur i láthair.

Read More

Bean Tí & Imeachtaí Corparáideacha

Fanfaidh d’imeacht i gcuimhne an lucht freastail; athróidh mise mo stíl cur i láthair le freastal ar do riachtanais—mealltach, siamsúil agus spraíúil i gcónaí.

Read More

Cóitseálaí Scileanna Cur i Láthair

As mo thaithí sa teilifís bheo, roinnfidh mé na teicnící ar a mbím ag brath le cuidiú leat tú féin a chur in iúl go muiníneach, is cuma an ócáid.

Read More

Scríobh Agus Labhairt

Tá an Ghaeilge agus an Béarla araon ar mo thoil agam, scríobhaim colúin nuachtáin agus tá mé ar fáil fosta d’obair ghuthaithe sa dá theanga

“If you were to look up the definition of ‘professionalism’ in the dictionary, I dare say you would see the name Gráinne McElwain. When GAAGO undertook a major production and presentation brief in 2023, launching into the domestic Irish market, it was crucial to have our extensive coverage anchored by a seasoned live broadcast lead. Gráinne ably fulfilled this role; she was an ever-present steady hand that moderated an insightful panel discussion weekly and enhanced the viewer experience no end. Her roots and subsequent industry experience to date makes her one of the foremost presenter / moderator professionals in Ireland.”

Noel Quinn Head of GAAGO & GAA Marketing

“Gráinne has masterfully hosted several of our major annual award ceremonies over the past three years. A consummate professional, Gráinne is always well prepared, excellently presented and delivers in a natural style, engages audiences, and ensures your event will run smoothly and on-time every time. It’s a pleasure to work with Gráinne”

Clare Louise O'Donoghue Head of Commercial & Marketing, Federation of Irish Sport

“Gráinne brought an unparalleled blend of Gaelic charm, engaging demeanour, and meticulous preparation to the Aer Lingus College Football Classic. Her professionalism and enthusiasm helped create an electric atmosphere, captivating Notre Dame American Football fans, and the casual Irish spectator. Her seamless crowd interaction elevated our game to new heights, making her the go-to choice for anyone seeking THE premier Irish in-game emcee.”

Don Scott Assistant Athletic Director, Fan Experience, Notre Dame Athletics

“Gráinne did an excellent job of hosting the inaugural Irish League of Credit Unions conference in November 2023. This was a key event for us, bringing together for the first time, a mix of staff and volunteers from credit unions across the island of Ireland to look at ‘Unlocking the Potential of Credit Unions’. From the initial briefing meetings before the conference, right through to her time on stage, Gráinne was knowledgeable about our sector, professional and enthusiastic what she could bring to enhance the event. She was a key member of our team and as MC and facilitator, combined energy, humour, warmth and presence to maximise engagement with attendees over the two-days of the event. We look forward to working with Gráinne again.”

David Malone CEO Irish League of Credit Unions (ILCU)

“I worked with Gráinne when she began her career. Her diligence, professionalism and warm personality was the perfect combination for career progression. She has never lost those key attributes but instead she invested herself in her work to ensure she did ultimate justice to herself, her employer and the sport she was covering”

Declan McBennett Group Head of Sport, RTÉ

Imreoir Foirne

Bíonn strus ag baint le himeachtaí a eagrú, tuigim é sin. Sin é an fáth go ndéanaim cinnte de go mbíonn sé furasta oibriú liom. Cibé ócáid a bhíonn i gceist, is féidir liom treoracha a leanúint, smaointe agus moltaí a thabhairt má theastaíonn siad.

Back To Top