Is aoibhinn liom cultúr na hÉireann. Is cainteoir bródúil Gaeilge mé agus tá CLG, sacar, rugbaí, cispheil, badmantan agus lúthchleasaíocht go léir clúdaithe i nGaeilge agam. Le gairid, chuaigh mé i dtreo sraitheanna teilifíse faoi stair spóirt na hÉireann a chur i láthair. In 2020, ba mhór an onóir dom é a bheith i m’Ambasadóir ar fheachtas Sheachtain na Gaeilge le Energia.
Tá dúil chráite agam fosta i gceol traidisiúnta na hÉireann. In 2018, chuir mé Gradam Ceoil TG4, Oscars cheol traidisiúnta na hÉireann, i láthair as Béal Feirste. Tá boinn uile-Éireann bainte agam ag an Fhleadh Ceoil. Níorbh eol dom ag an am é, ach tharla sa deireadh gur tús iontach sin i dtaca le saol mar láithreoir ó aois óg, mar d’fhoghlaim mé leis an bhrú a ghabhann le bheith ar an ardán roimh shluaite móra a láimhseáil.
Ní gnáthchosán ar bith a shiúil mé a fhad le mo ghairm reatha. Frása a d’fhan liom é “léim agus nochtfaidh an eangach”, agus cuireann sin síos i mbeagán focal ar mo chur chuige sa tsaol. Is sa mhúinteoireacht a bhí an chéad phost agam; de sheans, chonaic mé fógra do thaighdeoir spóirt ar Foinse, an nuachtán Gaeilge. Chuir mé isteach ar an phost an oíche sin, bhog mé go Port Láirge go gairid ina dhiaidh sin agus chuir mé tús le gairm iomlán úr. Ach sheas mo thaithí sa tseomra ranga liom, rud a d’fhág an mhuinín agam a bheith ag labhairt le grúpaí.
Fágann an éagsúlacht seo i mo chúlra go bhfuil mé ar mo shuaimhneas ar an ardán nó os comhair an cheamara—is sona mé agus mé iomlán ullmhaithe ach réidh chomh maith d’athruithe ag an bhomaite dheireanach, rud a tharlaíonn go minic sa teilifís bheo!
Is as Muineachán ó dhúchas mé, agus is é sin an baile agam go fóill. I ndiaidh dornán de bhlianta lonnaithe i mBaile Átha Cliath don obair, tá mé i mo chónaí ar na saolta seo i nGaeltacht Chonamara le m’fhear céile agus triúr clainne.
Turas iontach a bhí ann go dtí seo, agus sult ar dóigh bainte agam as gach bomaite.