Is mise Gráinne. Is láithreoir spóirt agus siamsaíochta mé le cúig bliana déag agus tuilleadh ar Sky Sports, TG4, RTÉ agus ar an BBC. I gcaitheamh an ama sin, d’óstáil mé neart imeachtaí corparáideacha, ócáidí tiomsaithe airgid, searmanais ghradam, agus imeachtaí cheiliúrtha.
Mar láithreoir agus mar léiritheoir, tá mé i ndiaidh a bheith ar dhá thaobh an cheamara. Sheinn mé ceol ag dornán Fleadh Ceoil fosta agus, sular aistrigh mé gairm, múinteoir a bhí ionam. Fágann an éagsúlacht sin i mo chúlra go bhfuil mé ar mo shuaimhneas i dtimpeallachtaí ‘beo’—is sona mé agus mé iomlán ullmhaithe ach réidh chomh maith d’athruithe ag an bhomaite dheireanach, rud a tharlaíonn go minic sa teilifís bheo!
Is cuma an t-imeacht, bím iontach faichilleach leis an taighde roimh ré, agus is breá liom a bheith ag cruthú ceisteanna a chuireann aíonna ar a gcompord agus a mheallann an chuid is fearr uathu, bíodh siad ina n-anailísithe CLG nó ina mbuaiteoirí gradam fleáchais. Is fúm atá sé iad a chur ar a gcompord, cuidiú leo a scéalta a insint nó a gcuid smaointe a roinnt—gan dearmad a dhéanamh ar an ghné is tábhachtaí orthu uilig: an spraoi.
Is Muineachán a rinne mé—áit atá ina bhaile agam go fóill—agus i ndiaidh tamall a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, tá mé i mo chónaí ar na saolta seo i nGaeltacht Chonamara le m’fhear céile agus triúr clainne.